Rannóg na nDaltaí

An tAcht um Shaoráil Faisnéise 1997

Cuspóir agus Prionsabail

Díolúinte

Achomhairc

Lámhleabhair Faisnéise

Staitisticí Úsáide do Shaoráil Faisnéise

An cineál Faisnéise a thugtar amach

 

Cuspóir agus Prionsabail

Is é aidhm leathan an Acta um Shaoráil Faisnéise cearta a thabhairt do bhaill na phobail chun rochtain a fháil ar fhaisnéis atá i seilbh comhachtaí poiblí chomh fada agus is féidir, ag teacht le leas an phobail agus leis an gceart ar phríobháideacht.

Seo a leanas na prionsabail atá taobh thiar de FOI:

- ba chóir go mbeadh an ceart ag gach duine:

  • aonair eolas a bheith acu faoin bhfaisnéis atá i dtaifid rialtais faoi nó fúithi,
  • comhaid a bhaineann leis nó léi a imscrúdú, agus/nó
  • ábhar neamhchruinn atá ar comhad a cheartú,

- ba chóir go mbeadh an ceart ag daoine a ndéanann breitheanna comhlachtaí poiblí difear dóibh fios a bheith acu ar an gcaoi a dtagtar ar bhreitheanna,

- ba chóir go mbeadh breitheanna a thógann comhlachtaí poiblí níos oscailte do scrúdú poiblí, dá bhrí sin ag cothú measa níos mó ar shaincheisteanna a bhaineann le breitheanna beartais agus úinéireacht agus glacadh poiblí níos láidre le breitheanna a thugtar.

 Díolúinte

Is féidir faisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí a lorg faoin Acht. Ach d'fhonn cur ar chumas gnó a dhéanamh mar is cuí agus chun príobháideacht phearsanta a chosaint, tá sé riachtanach gan cineálacha éagsúla taifead a thabhairt amach i gcásanna ar leith .i. áit a dtarlóidh dochar éigin má thugtar na taifid amach agus nuair nach bhfuil sé ar mhaithe le leas an phobail iad a thabhairt amach. I measc na bpríomhdhíolúintí tá taifid a bhaineann le:

  • cruinnithe an Rialtais,
  • díospóireachtaí comhlachtaí poiblí
  • feidhmeanna agus idirbheartaíochtaí imscrúdaitheacha,
  • forfheidhmiú dlí agus slándáil,
  • faisnéis rúnda agus faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de,
  • faisnéis phearsanta (seachas faisnéis a bhaineann leis an duine atá ag déanamh an iarrata), agus
  • leasanna eacnamaíochta an Stáit.

 

Achomhairc

I gcás go ndiúltaíonn comhlacht poiblí d'iarraidh, is féidir le hiarrthóirí achomharc a dhéanamh leis an gcomhlacht poiblí chun athscrúdú a dhéanamh ar a gcás. Ní mór go bhfaigheadh an comhlacht poiblí duine níos sinsearaí chun athbhreithniú a dhéanamh ar an iarraidh ná an duine is cúis leis an mbunbhreith. Más rud é go bhfuil an t-iarrthóir fós míshásta leis an mbreith, tá an ceart aige nó aici achomharc a dhéanamh i gcoinne na breithe le hOifig an Choimisinéara Faisnéise.

Lámhleabhair Faisnéise

Níl sa cheart rochtana, ar iarratas, ar na taifid (Nasc doiciméid: http://www.oic.gov.ie/213e_3c2.htm)a bhaineann le comhlachtaí poiblí ach gné amháin de Shaoráil Faisnéise. Tá dhá cheanglas eile ar na Achtanna atá deartha chun oscailteacht, trédhearcacht agus freagracht a chur chun cinn a thuilleadh:

  • an ceanglas go bhfoilseodh comhlachtaí poiblí lámhleabhair thagartha (dá ngairtear lámhleabhair alt 15), agus
  • an ceanglas go bhfoilseodh comhlachtaí poiblí lámhleabhar ar a rialacha agus a gcleachtais (dá ngairtear lámhleabhair alt 16).

Cuireann na lámhleabhair seo "mapa bóthair" den chomhlacht lena mbaineann ar fáil. Cabhraíonn siad le duine aonair teacht ar an tuairim an raibh breith, an ndéanann difear dó nó di, tógtha mar is cuí. Chuige sin, tá píosaí tábhachtacha faisnéise le fáil iontu cosúil le:

  • sonraí ar fheidhmeanna, cumhachtaí agus dualgais an chomhlachta phoiblí,
  • seirbhísí ar bith a chuireann sé ar fáil don phobal agus an chaoi ar féidir leis an bpobal rochtain a fháil ar na seirbhísí sin,
  • cur síos ginearálta ar an gcineál taifead atá ina sheilbh aige,
  • na socruithe atá déanta chun ligean do dhaoine rochtain a fháil ar na taifid sin,
  • ainmneacha cuid den fhoireann nó iad ar fad chomh maith lena bhfreagrachtaí laistigh den eagraíocht, agus
  • na rialacha, cleachtais, treoirlínte agus léirmhínithe a úsáideann an comhlacht,
  • innéacs de réamhshamplaí a choimeádann an comhlacht chun críocha a bhreitheanna, cinntí nó moltaí a dhéantar faoi aon dlí nó scéim a riarann sé.

 

Staitisticí Úsáide do Shaoráil Faisnéise

Idir 1998 agus 2004, cuireadh isteach os cionn 90,000 iarraidh chuig comhlachtaí poiblí. Léiríonn an tábla thíos an figiúr sin bliain i ndiaidh bliana. Is féidir miondealú níos sonraithe de na figiúirí seo a fháil i dTuarascáil Bhliantúil is deireanaí an Choimisinéara Faisnéise.

1998 1999 2000 2001 2002 2003 2004
3286 10026 13705 15248 17196 18443 12597
% Athrú
+205% +37% +11% +13% +7% -32%
 

An Cineál Faisnéise a thugtar amach

Idir 1998 agus 2004 bhí an tAcht FOI freagrach as raon leathan faisnéise a thabhairt amach, lena n-áirítear taifid a bhaineann le:

  • Tuarascálacha Tithe Altranais na mBord Sláinte,
  • Chuir Tuarascáil ar Chúram Sláinte na bPríosún béim ar lochtanna sa chóras,
  • Thug páipéir a bhaineann leis an Tascghrúpa Straitéise le fios go raibh easaontú le tuairim an Aire Airgeadais maidir le "hindibhidiúlú" cánach,
  • Léirigh páipéir ó 2000 a bhain le dílárú, míshocracht a bhí ar státseirbhísigh sinsearacha maidir le cuid de na moltaí,
  • Tá eolas ag daoine anois ar na sráideanna i mBaile Átha Cliath a bhfuil an seans is mó ann go gcuirfear clampa ar do charr,
  • Foilsítear táblaí "Scoileanna Friothálacha Ollscoile" ar bhonn rialta,
  • Cuirtear costais Bhaill an Oireachtais ar fáil ar bhonn rialta,
  • Fuarthas faisnéis ar bheartas roinnt ospidéal maidir le haistriú codanna coirp leanaí chuig ospidéil sa Riocht Aontaithe,
  • Cuireadh páipéir ar fáil a bhain le comhaontú idir an Stát agus an Eaglais Chaitliceach ar an socrú cistithe d'íocaíochtaí cúitimh a thagann ón bpróiseas sásaimh institiúidigh,
  • Cuireadh páipéir ar fáil a léirigh teannas idir an Roinn Airgeadais agus an Roinn Sláinte agus Leanaí maidir le caiteachas na Seirbhíse Sláinte,
  • Cuireadh páipéir ar fáil maidir leis na costais mhéadaitheacha ar an Staidiam Spórt Náisiúnta molta, Campas Staidiam Éireann,
  • Léiríodh neamhréireanna idir dréacht-thuarascálacha ar shábháilteacht iarnróid,
  • Cuireadh páipéir ar fáil a bhain le ceapachán molta iar-Bhreitheamh na Cúirte Uachtaraí, An tUasal O'Flaherty, chuig Banc Infheistíochta na hEorpa,
  • Cuirfear ar fáil ainmneacha na ndaoine a fhaigheann na fóirdheontais talmhaíochta AE is mó,
  • Bíonn fáil rialta anois ar chumarsáid idir Ranna Rialtais agus comhlachtaí leath-Stáit (e.g. méid táille ceadúnais RTÉ), agus
  • Bíonn fáil rialta anois ar dhoiciméid tairisceana rathúla a bhaineann go minic le caiteachas na milliún Euro (e.g. maoiniú Telecom Éireann),
  • Foilsítear ainmneacha na ndaoine a thuilleann an méid is mó airgid i RTÉ ar bhonn rialta.

 

Back to contents