- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Rannóg na nDaltaí
Oscailteacht, Trédhearcacht agus Freagracht in Éirinn
Oscailteacht agus Trédhearcacht
Cuireann an t-athrú leanúnach atá ag teacht ar an gcultúr rúndachta a bhaineann leis an saol poiblí le hoscailteacht agus le trédhearcacht. Tá a fhios ag polaiteoirí agus ag seirbhísigh phoiblí anois go bhfuil ceart rochtana ag daoine ar fhaisnéis a bhaineann le breitheanna a dhéanann difear díreach nó indíreach dóibh. Is féidir an fhaisnéis seo a thabhairt amach go réamhghníomhach trí phreasráitis, nuashonrú ar láithreáin ghréasáin agus nuachtlitreacha nó i ndiaidh iarrata ó bhall den phobal.
De rogha air sin, is féidir le daoine iarratas a dhéanamh ar an bhfaisnéis seo ag baint úsáide as an Acht um Shaoráil Faisnéise. Déanann an tAcht seo, faoi réir díolúintí ar leith, foráil do cheart rochtana ar fhaisnéis atá ag comhlachtaí poiblí agus ceart achomhairc chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise má dhiúltaítear an fhaisnéis a thabhairt. Tá tuilleadh faisnéise a bhaineann leis an Acht agus le hOifig an Choimisinéara Faisnéise ar fáil sna rannóga a leanas.
Freagracht
In Éirinn cuirtear freagracht ar fáil ar roinnt bealaí; tá an Rialtas freagrach do na toghthóirí, tá na hAirí freagrach don Oireachtas, agus tá cinn na gcomhlachtaí poiblí freagrach do choistí an Oireachtais cosúil leis an gCoiste um Chuntais Phoiblí. Lena chois sin, tá rialtóirí agus ombudsman éagsúla ann chun maoirsiú agus imscrúdú a dhéanamh ar réimsí ar leith de shaol na hÉireann e.g. An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, an tOmbudsman, an Coimisinéir Faisnéise, An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, Ombudsman na Leanaí, an Coimisinéir Cosanta Sonraí, na Seirbhísí AirgeadOmbudsman ais agus mar sin de.
Tá tagairt speisialta tuillte ag beirt acu seo mar gheall ar an ról comhlántach atá acu. Is maoirseoir airgeadais é an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a chinntíonn go gcaitear na cistí a fhaigheann comhlachtaí poiblí mar is cuí agus ar bhealach éifeachtúil. Cinntíonn an tOmbudsman, trí ghearáin a scrúdú, go gcuireann comhlachtaí poiblí seirbhís ar ardchaighdeán ar fáil don phobal.
An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste
Tá ról lárnach ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (C&AG) sa phróiseas freagartha poiblí trí thuairisciú do Dháil Éireann faoinar caitheadh cistí poiblí mar is cuí agus ar bhealach éifeachtúil. Déanann sé é seo trí thuairiscí ar iniúchtaí agus ar scrúduithe a chur ar fáil don Choiste um Chuntais Phoiblí.
Déanann an C&AG é seo trí scrúdú a dhéanamh ar na cuntais agus ar bhuntaifid agus idirbhearta na gcomhlachtaí poiblí chun na nithe seo a leanas a chinntiú:
- go gcloíonn na cuntais leis na hidirbhearta mar is cuí, agus
- go bhfuil na hidirbhearta atá taifeadta sna cuntais oiriúnach don chomhlacht poiblí
Do gach cuntas, déantar scrúdú freisin ar shocruithe rialacháin airgeadais inmheánaigh an chomhlachta phoiblí.
Ó am go ham, cinntíonn an C&AG go bhfuil na nithe seo a leanas amhlaidh:
- gur bhain eagraíochtaí Stáit luach ar airgead amach,
- gur cuireadh dea-phrionsabail bhainistíochta airgeadais i bhfeidhm i riaradh n gcistí poiblí,
- gur cuireadh cistí a íocadh le comhlachtaí a fhaigheann níos mó ná 50% dá maoiniú ón Stát i bhfeidhm don chuspóir a luadh leo, agus gur seoladh gnó poiblí mar is cuí.
Is féidir cur síos iomlán ar ról agus ar fheidhmeanna Oifig an C&AG a fháil ag www.audgen.gov.ie
An tOmbudsman
Déanann an tOmbudsman imscrúdú ar ghearáin ó bhaill an phobail a bhraitheann gur chaith comhlachtaí poiblí leo ar bhealach míchothrom. Tá cumhachtaí suntasacha dlí ag an Ombudsman. Féadfaidh sí faisnéis, doiciméad nó comhad ar bith a éileamh ar chomhlacht a ndéantar gearán ina leith agus féadfaidh sí iarraidh ar oifigeach ar bith faisnéis a thabhairt faoi ghearán.
I bhformhór na gcásanna, réitítear gearáin go sásúil ar bhealach an-neamhfhoirmiúil, mar shampla, tríd an bhfadhb a phlé leis an gcomhlacht poiblí nó trí na comhaid iomchuí a scrúdú. I gcásanna a bhíonn níos casta, is féidir go mbeadh mion-imscrúdú ag teastáil.
Cuireann an tOmbudsman comhairle ar fáil freisin do chomhlachtaí poiblí maidir leis na caighdeáin is airde seirbhíse a bhaint amach agus iad ag déileáil le daoine. Tá Treoir do Chaighdeáin Shárchleachtais do Sheirbhísigh Phoiblí foilsithe ag an Oifig a chabhraíonn leo a chinntiú go ndéileáiltear le daoine "i gceart, go cothrom agus go neamhchlaonta".
Is féidir cur síos iomlán a fháil ar ról agus ar fheidhmeanna na hOifige ag www.ombudsman.gov.ie