- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Cumhachtaí an Choimisinéara
Tugann an tAcht FOI cumhachtaí suntasacha don Choimisinéir Faisnéise chun cur ar a cumas a feidhm maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar bhreitheanna comhlachtaí poiblí a chomhlíonadh. Má mheasann sí breith a bheith neamhleor, féadfaidh sí, faoi alt 35, iarraidh go n-eiseofar breith nua. Féadfaidh sí freisin iarraidh ar dhuine ar bith a mheasann sí a bhfuil faisnéis atá ábhartha do chás nó imscrúdú aige nó aici, an fhaisnéis sin a chur ar fáil di. Chomh maith leis sin féadfaidh sí iarraidh ar an duine teacht os a comhair chun an fhaisnéis a chur i láthair. Féadfaidh sí dul isteach in aon áitreabh atá á áitiú ag comhlacht poiblí agus iarraidh ar aon duine ar an áitreabh taifid (doiciméid) a chur ar fáil di ar féidir léi cóipeanna a dhéanamh díobh agus iad a choinneáil ina seilbh go ceann tréimhse réasúnaí. Beidh aon duine a chuirfidh treampán ar an gCoimisinéir le linn di a hathbhreithniú nó a feidhmeanna imscrúdaitheacha a chomhlíonadh, ciontach i gcion agus is féidir go gcuirfear fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach mó ná sé mhí air nó uirthi (alt 37).