- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Polasaí Inrochtaineacht - Polasaí Sholáthair
Foráiltear le hAlt 27 den Acht um Míchumas 2005
"Where a service is provided to a public body, the head of the body shall ensure that the service is accessible to persons with disabilities".
Baineann sé seo leis an soláthar seirbhísí agus soláthar earraí araon. Go bunúsach, ceanglaítear le halt 27 ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú, ach amháin sa chás nach mbeadh sé indéanta nó inchosanta ó thaobh costas nó go mbeadh moill mhíréasúnach ann dá thoradh, go mbeidh earraí nó seirbhísí a sholáthraítear don chomhlacht inrochtana do dhaoine le míchumais. Is infheidhme Alt 27 nuair a bhítear ag iarraidh tairiscintí le haghaidh trealaimh, ábhar, teicneolaíochta faisnéise, áiseanna le haghaidh comhdhálacha srl...
Is é cuspóir na hoifige seo ná, sa chás go mbeidh sé praiticiúil agus costéifeachtach amhlaidh a dhéanamh, caighdeán inrochtaineachta chomh hard agus is féidir a bhaint amach do dhaoine le míchumais. Is é polasaí na hoifige seo a chinntiú go gcuirfear riachtanais inrochtaineachta ábhartha do dhaoine le míchumais isteach ina gcuid de gach céim den phróiseas tairisceana, sa chás gur cuí. Táthar tar éis na nósanna imeachta seo a leanas a ghlacadh:
- Ba chóir do bhaill foirne atá ag ullmhú iarratas ar thairiscintí dul i gcomhairle le hOifigeach Rochtana na hoifige seo le fáil amach an bhfuil ceanglais inrochtaineachta ann ar chóir cuimhneamh orthu mar chuid den phróiseas tairisceana. B'fhéidir gur gá dul i gcomhairle le comhairleoirí seachtracha, an tÚdarás Náisiúnta Míchumais agus/nó daoine le míchumais freisin le haon cheanglais den sórt sin a shonrú.
- Má chinntear nach bhfuil aon cheanglais inrochtaineachta ann a bhaineann leis na hearraí nó seirbhísí atá á soláthar nó má mheastar nach bhfuil na ceanglais inrochtaineachta in-chomhlíonaithe nó go mbeidh siad ina n-údar costais nó moille míchuí, caithfear an cinneadh seo a thaifeadadh ar an gcomhad ábhartha.
- Má bhíonn ceanglais inrochtaineachta ann, caithfear ceanglais den sórt sin a leagan amach go soiléir san iarratas le haghaidh tairiscintí.
- Caithfear cuimhneamh ar chritéir inrochtaineachta i gcaitheamh an phróisis tairisceana. Ba chóir iarraidh ar sholáthraithe gnéithe dá dtáirge nó dá seirbhís a chomhlíonann na ceanglais inrochtaineachta ábhartha a shonrú. Má iarrtar orthu ábhar a chur i láthair, ba chóir do sholáthraithe an inrochtaineacht a áireamh mar chuid den ábhar sin a chuirfidh siad i láthair.
- Ba chóir aird agus ualú cuí a thabhairt ar cheanglais inrochtaineachta, sa chás go mbíonn siad san áireamh, i rith na gcéimeanna le tairiscintí a scóráil agus a mheas.